{
    "document_id": 10222,
    "page": 4,
    "width_pt": 595.32,
    "height_pt": 841.92,
    "rotation": 0,
    "pipeline_version": "paddleocr-vl-1.6+paul-48",
    "engine": "paddleocr_vl",
    "source_run_id": 10333,
    "item_count": 8,
    "counts_by_type": {
        "figure": 1,
        "footer": 1,
        "heading": 1,
        "text": 5
    },
    "build_ms": 1,
    "items": [
        {
            "id": "p4.1",
            "order": 1,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 53.7492,
                "t": 729.6,
                "r": 208.518,
                "b": 713.76
            },
            "text": "Achoimre Fheidhmeach",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p4.2",
            "order": 2,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.5092,
                "t": 707.76,
                "r": 537.0118,
                "b": 663.84
            },
            "text": "De réir ár sonraí is déanaí a tuairiscódh, baineann breis is 99% d'astaíochtaí CO2 BOO Chathair Bhaile Átha Cliath go díreach lenár bhfoirgnimh agus leis an mbealach a ndéanaimid na foirgnimh seo a théamh agus a chumhachtú chun raon leathan seirbhísí oideachais agus pobail a sholáthar."
        },
        {
            "id": "p4.3",
            "order": 3,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.7492,
                "t": 657.6,
                "r": 534.6122,
                "b": 614.4
            },
            "text": "Thug BOO Chathair Bhaile Átha Cliath faoi chleachtadh mionsonraithe chun próifí reatha fuinnimh agus astaíochtaí ár n-eastát tógtha ilghnéitheach a chainníochtú agus a anailísú agus tá an cleachtadh anailíse seo mar bhonn faoin treochlár chun na spriocanna a chuirtear i láthair anseo a bhaint amach."
        },
        {
            "id": "p4.4",
            "order": 4,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.9891,
                "t": 607.92,
                "r": 537.9716,
                "b": 578.88
            },
            "text": "Níl an bóthar gan dúsháin atá aitheanta go forleathan. Beidh infheistióchtaí suntasacha ag teastáil agus ní mór na hinfheistióchtaí seo a mheas agus a threorú go straitéiseach."
        },
        {
            "id": "p4.5",
            "order": 5,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.7492,
                "t": 571.92,
                "r": 536.7718,
                "b": 435.12
            },
            "text": "Mar bhonn do na cinntí agus na hinfheistíochtaí straitéiseacha sin tá an treochlár a chuirtear\nI láthair anseo bunaithe ar chlár uaillmhianach bainistithe / laghdaithe fuinnimh ar fud an eastáit\na léiríonn beagnach 30% den bhóthar. Cuirfidh BOO Chathair Bhaile Átha Cliath acmhainní ar fáil\ndon Oiliúint, do na Foirne Glasa agus do na Struchtúir a bheidh ag teastáil chun na laghduithe sin\na bhaint amach sna blianta atá le teacht agus chun cur leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin.\nTá an 70% eile atá samhlaithe léiritheach go páirteach, ag brath mar atá sé ar mhaoinú páirtithe leasmhara seachtracha. Samhlaíodh tionscadail tógála/athchóirithe gníomhacha ar scála mór. Samhlaíodh miontionscadail tógála agus athchóirithe gníomhacha agus rinneadh na miontionscadail seo a ghiaráil tuilleadh laistigh den tsamhail chun laghduithe breise a léiriú."
        },
        {
            "id": "p4.6",
            "order": 6,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.7492,
                "t": 428.4,
                "r": 537.9716,
                "b": 255.36
            },
            "text": "Déantar na laghduithe suntasacha atá fágtha a shamhlú chun críocha an leibhéal suntasach\nd'éileamh ar fhuinneamh breosla iontaise a shainaithint agus béim a chur air nach mór é a dhíothú\nnó a aistriú chuig réimeas téimh in-athnuaite cuí.\nÓ thaobh na Scoile de, atá faoi réir sainordú ar leith, sainaithnítear sa treochlár próiflí móra tomhaltais fuinnimh ina mbeidh gá le hinfheistióchtaí chun an t-éileamh ar fhuinneamh breosla iontaise a laghdú.\nÓ thaobh an Bhreisoideachais de, is é rún an treochláir eolas a chur ar leagain bhreise de Straitéis Eastáit BO BOO Chathair Bhaile Átha Cliath atá á forbairt agus é ag iarraidh an straitéis sin a bheachtú, i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara go léir, chun eastát tógtha idéalach a shainiú a thagann leis an uaillmhian chun fanacht mar cheannairí domhanda san earnáil seo, agus ag an am céanna aitheantas á thabhairt d'fhírinní maidir le “timpeallacht faoi shrianta carbóin”."
        },
        {
            "id": "p4.7",
            "order": 7,
            "type": "figure",
            "bbox": {
                "l": 413.6,
                "t": 189.237,
                "r": 534.9,
                "b": 83.237
            },
            "text": "",
            "attrs": {
                "source": "pdf_image"
            }
        },
        {
            "id": "p4.8",
            "order": 8,
            "type": "footer",
            "bbox": {
                "l": 432.3928,
                "t": 104.64,
                "r": 533.4125,
                "b": 82.56
            },
            "text": "Bord Oideachais agus Oiliúna Education and Training Board",
            "attrs": {
                "block_label": "footer"
            }
        }
    ],
    "excluded_furniture": {
        "first": [],
        "last": [
            {
                "id": "p4.f1",
                "order": 9,
                "type": "text",
                "bbox": {
                    "l": 531.4929,
                    "t": 68.64,
                    "r": 539.4113,
                    "b": 57.6
                },
                "text": "3",
                "attrs": {
                    "block_label": "number"
                }
            },
            {
                "id": "p4.f2",
                "order": 10,
                "type": "footer",
                "bbox": {
                    "l": 412.9568,
                    "t": 190.56,
                    "r": 534.1323,
                    "b": 105.36
                },
                "text": "",
                "attrs": {
                    "block_label": "footer_image"
                }
            }
        ]
    }
}