{
    "document_id": 10222,
    "page": 18,
    "width_pt": 595.32,
    "height_pt": 841.92,
    "rotation": 0,
    "pipeline_version": "paddleocr-vl-1.6+paul-48",
    "engine": "paddleocr_vl",
    "source_run_id": 10333,
    "item_count": 8,
    "counts_by_type": {
        "heading": 1,
        "text": 7
    },
    "build_ms": 1,
    "items": [
        {
            "id": "p18.1",
            "order": 1,
            "type": "heading",
            "bbox": {
                "l": 54.709,
                "t": 782.88,
                "r": 134.8528,
                "b": 766.8
            },
            "text": "6 Conclúid",
            "attrs": {
                "block_label": "paragraph_title"
            },
            "level": 3
        },
        {
            "id": "p18.2",
            "order": 2,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.7492,
                "t": 760.8,
                "r": 522.3747,
                "b": 672.48
            },
            "text": "Ó chainníochtú agus treochlár a chur i bhfoirm tábla go dtí an sprioc sainordaithe um laghdú Astaíochtaí CO2 agus an sprioc feabhsaithe Éifeachtúlachta Fuinnimh a bhaint amach, is léir gur dúsháin suntasach a bhí ann do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath na spriocanna sin a bhaint amach. Is iomaí dúsháin atá ann agus ní bhaineann siad go sonrach le BOO Chathair Bhaile Átha Cliath agus aithnítear go forleathan iad sna hearnálacha poiblí agus priobháideacha araon."
        },
        {
            "id": "p18.3",
            "order": 3,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.7492,
                "t": 666.72,
                "r": 528.3735,
                "b": 563.76
            },
            "text": "Ní eagraíoch fhéinmhaoinithe é BOO Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh na hinfheistíochtaí caipitiúla a theastaíonn chun na spriocanna sainordaithe a bhaint amach suntasach agus ní mór na hinfheistíochtaí seo a mheas agus a threorú go straitéiseach. Oibreoidh BOO Chathair Bhaile Átha Cliath lenár bpáiritithe leasmhara chun sonraí agus dul chun cinn atá ar fáil a bheachtú agus a chomhroinnt agus chun straitéis fhadtéarmach eastáit a fhorbairt a thagann lenár misean a bheith mar cheannairí domhanda san oideachas agus lenár n-oibleagáid chun eastát tógtha idéalach a shainiú i gcomhthéacs “timpeallacht faoi shrianta carbóin”."
        },
        {
            "id": "p18.4",
            "order": 4,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.9891,
                "t": 557.76,
                "r": 493.8205,
                "b": 529.68
            },
            "text": "Tá dhá chuspóir ag an gcéad atriall seo de Threochlár BOO Chathair Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide."
        },
        {
            "id": "p18.5",
            "order": 5,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.5092,
                "t": 522.72,
                "r": 520.695,
                "b": 478.8
            },
            "text": "Is é an chéad chuspóir ná oibleagáid dár bpáiritithe leasmhara a chomhlíonadh chun treochlár soiléir a leagan amach ina mbeidh cuspóiri Shainordaithe Ghníomhaíocha Aeráide na hEarnála Poiblí (SGAEP) leabaithe a thuilleadh ar fud ár n-eagraíocha."
        },
        {
            "id": "p18.6",
            "order": 6,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.7492,
                "t": 472.56,
                "r": 532.6926,
                "b": 399.6
            },
            "text": "Is é an dara cuspóir ná impleachtaí an dá shainsprioc uimhriúil atá leagtha amach sa sainordú a bhaineann le hAstaíochtaí Carbóin agus Éifeachtúlacht Fuinnimh araon a chainníochtú go soiléir dár n-eagraíocht féin. Is spriocanna uimhriúla iad agus is i gcomhthéacs chainníochtú soiléir ar an impleacht atá ar na huimhreacha sin amháin gur féidir léarscáil chun na spriocanna sin a bhaint amach a thuiscint go hiomlán."
        },
        {
            "id": "p18.7",
            "order": 7,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 54.2291,
                "t": 393.12,
                "r": 539.4113,
                "b": 364.08
            },
            "text": "Díríonn na dúsháin a eascraíonn as seo go háirithe ar na huimhreacha cainníochtaithe agus\nuaillmhianacha um Bainistíocht Fuinnimh a léiríonn beagnach 30% den bhóthar nach mór a thaisteal."
        },
        {
            "id": "p18.8",
            "order": 8,
            "type": "text",
            "bbox": {
                "l": 53.7492,
                "t": 358.56,
                "r": 522.1348,
                "b": 299.52
            },
            "text": "Cuirfidh BOO Chathair Bhaile Átha Cliath acmhainní ar fáil don oiliúint, d'Fhoirne Glasa agus do na struchtúir a theastaíonn chun a chinntiú go ndéanfar taisteal ar chuid den bhóthar. Tá sé beartaithe go mbeidh an clár inmheánach um Bainistíocht Fuinnimh seo mar bhunchloch do na cinntí agus na hinfheistíochtaí straitéiseacha a bheidh ag teastáil sna blianta atá le teacht."
        }
    ],
    "excluded_furniture": {
        "first": [],
        "last": [
            {
                "id": "p18.f1",
                "order": 9,
                "type": "text",
                "bbox": {
                    "l": 525.2541,
                    "t": 68.88,
                    "r": 539.6512,
                    "b": 57.6
                },
                "text": "17",
                "attrs": {
                    "block_label": "number"
                }
            }
        ]
    }
}